An tÚdar
Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá an-éileamh ar na ceardlainne agus imeachtaí leabhair a chuireann sí ar fáil ar fud na tíre. Ainmníodh a leabhar, BEAG BÍDEACH (Futa Fata 2018) le haghaidh ceithre ghradaim mór le rá, ina measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhuaigh an saothair is deireanaí uaithi, GEANSAÍ OTTÓ (Futa Fata, 2020), Gradam Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) i 2021.Is í an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2022 le DCU í.Tá cónaí uirthi i gCo.Chill Mhantáin lena fear chéile agus beirt iníon. Is é AMUIGH FAOIN SPÉIR an cheathrú leabhar uaithi le Futa Fata.
An Maisitheoir
Tá saothar Brian Fitzgerald don óige ar fáil go forleathan, é foilisthe ag Blue Apple Books New Jersey, SAM, Carthusia Books na hIodáile, Les apprentis réveurs, An Fhrainc, Usborne Publishing na Breataine, An Gúm agus Futa Fata in Éirinn. Is é a mhaisigh na leabhair CÓCÓ AN COLGÁN CAIRDIÚIL a scríobh Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus BINJÍ, MADRA AR STRAE le Patricia Forde. Bhí sé ar dhuine den cheathrar maisitheoir a chruthaigh ealaín don chnuasach BLIAIN NA nAMHRÁN le Tadhg Mac Dhonnagáin, saothar a bhain Gradam Réics Carló 2018, Gradam Speisialta na Moltóirí ag Gradaim CBI, 2017 agus Gradam White Ravens ó Leabharlann na nÓg, München na Gearmáine, 2017.